Dirty   Mickeys
Oro, Sé Do Bheatha ’Bhaile
Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
Do b’ é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
Is tú díolta leis na Gallaibh.
Óró, sé do bheatha ’bhaile,
Óró, sé do bheatha ’bhaile,
Óró, sé do bheatha ’bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
Óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh,
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Curfá
A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam,
Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
Curfá